Is é an príomhchuspóir atá ag CUMANN LÉANN NA LITRÍOCHTA ná plé a spreagadh ar stair, ar chúlra, agus ar chritic litríocht na Gaeilge (idir shean agus nua) is ar réimsí gaolmhara: an béaloideas, an amhránaíocht agus araile.

Cuirtear saothar taighde i gcló in LÉANN, iris an chumainn, a bhaineann le gnéithe éagsúla de litríocht na nGael. Tá fáilte ar leith roimh ábhar a chothaíonn an ghné chomparáideach agus a bhaineann le litríocht na Gaidhealtachta sa chiall is leithne (Éire, Alba, agus Oileán Mhanann).

Ar mhaithe le scoláirí agus taighdeoirí, tá teidil na dtráchtas a scríobhadh faoi ghné ar bith de Léann na Gaeilge á mbailiú againn. Is féidir an bunachar a chuardach nó do thráchtas féin a chlárú ar an leathanach BUNACHAR TRÁCHTAS.

Eagarthóirí Reatha:

 

riona

An tOllamh Rióna Ní Fhrighil

ailbhe

An Dr Ailbhe Nic Giolla Chomhaill

An tOllamh Mícheál Ó Mainnín
Ollscoil na Banríona

An tOllamh Mícheál Ó Mainnín