Is é an príomhchuspóir atá ag CUMANN LÉANN NA LITRÍOCHTA ná plé a spreagadh ar stair, ar chúlra, agus ar chritic litríocht na Gaeilge (idir shean agus nua) is ar réimsí gaolmhara: an béaloideas, an amhránaíocht agus araile.
Cuirtear saothar taighde i gcló in LÉANN, iris an chumainn, a bhaineann le gnéithe éagsúla de litríocht na nGael. Tá fáilte ar leith roimh ábhar a chothaíonn an ghné chomparáideach agus a bhaineann le litríocht na Gaidhealtachta sa chiall is leithne (Éire, Alba, agus Oileán Mhanann).
Ar mhaithe le scoláirí agus taighdeoirí, tá teidil na dtráchtas a scríobhadh faoi ghné ar bith de Léann na Gaeilge á mbailiú againn. Is féidir an bunachar a chuardach nó do thráchtas féin a chlárú ar an leathanach BUNACHAR TRÁCHTAS.
Eagarthóirí Reatha:
![riona riona](http://www.leanniris.com/wp-content/uploads/riona.jpg)
An tOllamh Rióna Ní Fhrighil
![ailbhe ailbhe](http://www.leanniris.com/wp-content/uploads/ailbhe.jpg)
An Dr Ailbhe Nic Giolla Chomhaill
![An tOllamh Mícheál Ó Mainnín
Ollscoil na Banríona](http://www.leanniris.com/wp-content/uploads/Mícheál-_-Mainín.jpg)
An tOllamh Mícheál Ó Mainnín