Ó Thalamh Zero go Talamh na hIaráice: 9/11 agus an Cogadh in aghaidh na Sceimhlitheoireachta i bhFilíocht na Gaeilge (le Laoighseach Ní Choistealbha)

Tráchtann an t-alt seo ar an luí atá ag filí na Gaeilge le pobail atá faoi ansmacht agus a bhfuil a gcearta daonna á sárú. Cuirtear béim anseo go speisialta ar na heachtraí tromchúiseacha domhanda a thit amach tar éis 9/11, an t-ionsaí fíochmhar ar Stáit Aontaithe Mheiriceá a chuir tús leis an Chogadh in aghaidh na Sceimhlitheoireachta sa bhliain 2001 agus le forghabháil na hIaráice sa bhliain 2003.

Díríonn an t-alt seo aird ar an mhéid dánta atá scríofa ag filí comhaimseartha na Gaeilge a cháineann bearta míleata na Stát Aontaithe. Leagtar béim ar dhá dhán ar leith chun tuairimí na bhfilí Gaeilge ar an Chogadh in aghaidh na Sceimhlitheoireachta a chíoradh: ‘Deora do Mhericieá’ le Michael Davitt (2003); agus ‘Cárta Poist chuig Yusuf san Iaráic’ le Cathal Ó Searcaigh (2003). Pléitear ábhar, stíl, friotal, agus íomhánna na ndánta go mion san alt, agus neadaítear plé na ndánta seo i ndioscúrsaí idirnáisiúnta ar an fhilíocht chomhaimseartha a théann i ngleic leis an litríocht i ndiaidh eachtraí 9/11.

Léiríonn plé an ailt go dtacaíonn Ó Searcaigh agus Davitt go daingean le pobail atá faoi ansmacht mar gheall ar fhorlámhas míleata na Stát Aontaithe, sa Chogadh in aghaidh na Sceimhlitheoireachta agus go stairiúil.